Iascaireacht na scadáin agus na mbradáin. Thug Páidí cuntas maith faoin iascaireacht 1940-1950 nuair a bhí scadáin agus bradáin fairsing ar an chósta. Báid seoil uilig a bhí ag iascaireacht amach ó Mhachaire Rabhartaigh. Bhíodh criúnna ag teacht ó cheantair eile agus ag fanacht i dtithe i Machaire Rabhartaigh agus ag dul amach ag iascaireacht. Bhíodh se féin, a athair agus beirt dheartháir leis ag iascaireacht ar feadh 10 mbliana.
Níl mórán iascaireacht ann anois ach amháin gliomaigh agus crúbóga sa tsamhradh.
Bhí leoraí ag Páidí agus bhíodh sé ag iompair lóid éisc ó ché Mhachaire Rabhartaigh go Ailt an Chorráin lena ndíol. | 00:14:52 | |